Déanann Net Feasa comhpháirtíocht le ORBCOMM don chéad Réiteach ÍsealChumhacht Líonra do Mhonatóireacht Choimeádán ar Árthaigh Thráchtála.

Cuid lárnach d’fhís Soláthraí Seirbhíse Iontaofa InE (Idirlíon na nEarraí) de chuid Net Feasa don Slabhra Soláthair 4.0

Daingean Uí Chúis, 17ú Samhain 2020.

D’fhógair ORBCOMM (Nasdaq: ORBC), soláthraí domhanda réitigh Idirlíon na nEarraí (InE) inniu, go bhfuil sé ag déanamh leathnú ar a theicneolaíocht LoRaWAN ™ (LoRa), le bheith ina chuid de sheirbhísí InE ar bord long. I dteannta lena chomhpháirtithe Net Feasa, Soláthraí Seirbhíse Domhanda InE atá bunaithe sa Daingean agus i Sunnyvale, Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá ORBCOMM tar éis an chéad réiteach atá ar fáil go tráchtála a chur i bhfeidhm, ag baint úsáid as teicneolaíocht LoRa chun monatóireacht a dhéanamh ar choimeádáin loingseoireachta ar bord long d’iompróir mór domhanda.

Tugann an réiteach seo VesselConnect, aip bhainistíochta cuisniú coimeádáin loinge de chuid ORBCOMM le chéile leis an ardán bainistíochta agus seirbhísí feiste IoE EvenKeel de chuid NetFeasa. Bailíonn EvenKeel sonraí leithéidí teochta, taise agus aláraim ó na coimeádáin chuisnithe trí gheataí LoRa atá leagtha amach ar an long, agus déantar é seo a nuashonrú i VesselConnect de chuid ORBCOMM. Déanann VesselConnect cumarsáid trí shatailít ar ais chuig ardán ReeferConnect ORBCOMM ar talamh, chun gur féidir le custaiméirí suíomh chomh maith le stádas gach coimeádáin chuisnithe a fheiscint. Is féidir le hardán ORBCOMM ordaithe dha-bhealaigh a sheoladh, ag ligint d’úsáideoirí ar an long, nó ar talamh, teocht, nó paraiméadair eile, an choimeádáin chuisnithe a athrú. Dearadh an réiteach seo chun deireadh a chur leis an “bpoll dubh” dofheictheacht coimeádán cuisnithe ar muir, chomh maith le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus sábháilteacht foirne, mar nach bhfuil aon ghá don gcriú dul amach ar an deic chun seiceáil láimhe a dhéanamh agus an gcóras seo i bhfeidhm.

Anuas ar an méid sin, cloíonn córas nua LoRa de chuid ORBCOMM le caighdeáin nascachta InE nua Chumann Loingseoireachta Coimeádán Digiteach (.i. Digital Container Shipping Association, nó DCSA) a cruthaíodh chun slabhra soláthair na gcoimeádán loingseoireachta a dhéanamh níos trédhearcaí, níos iontaofa agus níos sláine. Mar cheann de na teicneolaíochtaí atá ceadaithe ag DCSA, soláthraionn LoRa malairt rogha ar theicneolaíochtaí ceallacha agus cumarsáide eile atá in úsáid inniu. Tá VesselConnect ORBCOMM uathúil sa mhéid is go gcuireann sé roghanna iomadula ar fáil do chustaiméirí chun gur féidir leo an teicneolaíocht is fearr a oireann dá gcás féin a roghnú.

Chun a thuilleadh eolais a fháil mar gheall ar ORBCOMM téir go dtí https://www.orbcomm.com/en/solutions/web-applications/reeferconnect

ORBCOMM

Is ceannaire agus nuálaí domhanda é ORBCOMM (Nasdaq: ORBC) in Idirlíon tionsclaíoch na nEarraí, ag soláthar réiteach a nascann gnólachtaí lena gcuid sócmhainní chun infheictheacht agus éifeachtúlacht oibríochta mhéadaithe a sholáthar. Cuireann an chuideachta réimse leathan réitigh monatóireachta agus rialaithe sócmhainní ar fáil, lena n-áirítear nascacht shaoráideach satailíte agus ceallacha, crua-earraí uathúla, agus feidhmchláir chumhachtacha, agus iad seo uile le tacaíocht do chustaiméirí ó thús go deireadh, ó shuiteáil go himscaradh go cúram custaiméirí. Tá bonn custaiméirí éagsúil ag ORBCOMM lena n-áirítear Príomh-Dhéantóirí Buntrealaimh (.i. Original Equipment Manufacturer, nó OEM), custaiméirí réiteach agus comhpháirtithe cainéal a chuimsíonn iompar, slabhra soláthair, trádstóráil agus fardal, trealamh trom, muirí, acmhainní nádúrtha, agus rialtas. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.orbcomm.com

Net Feasa

Is Soláthraí Seirbhíse InE iontaofa é Net Feasa atá tiomnaithe do Chlaochlú Digiteach an tslabhra soláthair. Tá ár réitigh nascachta chomhlíonadh-bhunaithe leabaithe i gcroílár líonraí cumarsáide domhanda agus slabhraí soláthair. Is féidir lenár n-ardán nascachta domhanda oscailte, EvenKeel ™ tacú le córais LPWAN (LoRa, NB-IoT, LTE-M) agus / nó córais Cheallacha (LTE, 5G). Tá taithí na mblianta ag foireann Net Feasa ar chórais chumarsáide gan sreang a dhearadh agus a chur i bhfeidhm . Áirítear mar chuid de seo 1,000 pobal iargúlta (Satailít / GSM / 3G / Wi-Fi), 500 Aerárthach (Satailít / GSM / Wi-Fi), 500 Longa Coimeádán (Satailít / GSM) agus Longa Cúrsála (Satailít / GSM). Le breis agus triocha bliain tá ár bhfoireann bainistíochta ag cur lena saineolas sna réimsí seo a leanas; Cumarsáid Gan Sreang, InE, Cloud, Big Data, úsáidí praiticiúla ar Mheaisínfhoghlaim agus Slándáil Líonra. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.netfeasa.com

info@netfeasa.com

Eire: +353 (0) 87 2311481

Meiriceá: +1 650-476-3519